Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' TíVerse 1Is Iomaí Áit Álainn In ÉirinnAg Filí 'S Lucht Foghlam' Faoi Cháil,Ach Measaim Gur Gleanntáin Thír ChonaillAn Áit Ann Is Deise Le Fáil.Cha Dtabharfainn Ar Choróin Rí Éamann,A Phálás 'S A Stór Mianach Buí,M' Áit Chónaí Bheag Féin I Dtír Chonaill,Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' Tí.Verse 2Ná Labhair Liom Fán Tír Seo A Fhágáil'S Imeacht Thar Sáile Anonn;Nó B'fhearr Liom Bheith Beo Bocht In ÉirinnAg Mo Chailín Beag Deas Dóighiúil Donn.'N Áit A Dtiocfadh Liom Umhlú Dé DomhnaighAgus Paidir A Chur Ó Mo ChroíLe Hanam Mo Shinsear A TógadhI Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' Tí.Verse 3Tóg Suas Do Chroí Cráite, A ÉireBeidh Bláth Ort 'S Rachmas Go FóillNuair A Phillfeas Do Chlann Bhocht 'Tá Díbrithe'S Beidh Siad Ar Ball Ag Gabháil CheoilTríd Ghleanntáin Is Bhántaibh Na TíreLe Haoibhneas Is Lúcháir A GcroíMar Táimid Anocht I Dtír ChonaillI Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' Tí.—Niall Mac Giolla Bhríde.