Verse 1
Chuala Mé Ar An Raidió An Lá Cheana Ag Sbb,
Go Raibh Albain Fágtha Amach Aige As An Gcalafort I Dundee.
Muise Thug Sé Aghaidh Na Farraige Le Breeze Deas Gaoithe Aniar,
Sé' Dúirt Sé Is Fada An T-Achar É 'S Go Conamara Atá Mo Thriail.
Verse 2
Ó Bhí Rabharta Mór I Bhfarraige Agus Bhí Na Tonnta Ag Éirí Ard,
Bhí Stoirm Thintrí Ceaptha Bualadh Ar Chósta Dhún Na Ngall.
Ba Fear An-Dána Ar Fharraige É, Ní Smaoineodh Sé Ar An Mbás,
Mar Go Bhfuair Sé A Dhóthain Cheana, An T-Am A Sheol An Princess Maud.
Verse 3
Ó Casadh Ar Bhád Lastais É Ó Dheas Go Hinis Oírr,
Nár Shíl Siad Gur Sórt Fathach É Agus É Thuas I Mbarr An Chrainn,
Bhí Sé Ag Breathnú Ar A' Bhfarraige 'S Corr Amharc Ar An Spéir,
Ach Bhí Cladaigh Chonamara Ag Fáil Níos Giorra Do Mo Mhéit.