Verse 1
Nuair A D’fhága Mise An Baile Is Mo Bheannacht Ag Tír An Fhia
Ní Raibh Caint Ar An Gcomharchumann Ná Ar Obair Phól Ó Foighil
Nach Iontach Go Deo An T-Athrú É Ó Bhí Mise Im’ Fhear Óg
Tá Obair Is Dól Anois Acu Is Neart Airgid Le N-Ól.
Verse 2
Nuair A D’fhága Mise An Baile Is Nach Brónach É Mo Chroí
Ó Ba Shin É Lár An Earraigh Is Daoine Ag Baint An Fheamainn Bhuí
Nár Smaoinigh Mé Ar An Mbaile, Ar An Tuile Is Ar An Trá
Agus Mise I Bhfad Ó Bhaile Is Ón Gcaladh Ina Mbíodh Mo Bhád.
Verse 3
Tá Na Fiche Bliain Seo Caite Agam Is Maith Smaoiním Ar An Am,
Mé Ag Glanadh Soir Thar Daingean Is Mé Ag Tabhairt M’aghaidh Ar An Mbád Bán,
Nár Smaoinigh Mé Ar Mo Dhaide Bocht A D’fhága Mé I Dtír An Fhia
Is Gur Minic Féin A Cheap Mé Gur Mé A Ghiorraigh Lena Shaol.
Verse 4
Céad Slán Do Leitir Mealláin, Cuigéal Agus Corra Bhuí.
Céad Slán Do Pholl Uí Mhuirinn Mar Is Ann A Bhíodh An Spraoi
Bhí Sú An Ghráin Eorna Go Fairsing Ann Agus Ba Mhilis É Mar Bhraon
Is Mo Ghrá Thú, A Phádraic Bradley, Mar Ba Flaithiúil Tú Á Roinnt.