Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' Tí
Verse 1
Is Iomaí Áit Álainn In Éirinn
Ag Filí 'S Lucht Foghlam' Faoi Cháil,
Ach Measaim Gur Gleanntáin Thír Chonaill
An Áit Ann Is Deise Le Fáil.
Cha Dtabharfainn Ar Choróin Rí Éamann,
A Phálás 'S A Stór Mianach Buí,
M' Áit Chónaí Bheag Féin I Dtír Chonaill,
Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' Tí.
Verse 2
Ná Labhair Liom Fán Tír Seo A Fhágáil
'S Imeacht Thar Sáile Anonn;
Nó B'fhearr Liom Bheith Beo Bocht In Éirinn
Ag Mo Chailín Beag Deas Dóighiúil Donn.
'N Áit A Dtiocfadh Liom Umhlú Dé Domhnaigh
Agus Paidir A Chur Ó Mo Chroí
Le Hanam Mo Shinsear A Tógadh
I Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' Tí.
Verse 3
Tóg Suas Do Chroí Cráite, A Éire
Beidh Bláth Ort 'S Rachmas Go Fóill
Nuair A Phillfeas Do Chlann Bhocht 'Tá Díbrithe
'S Beidh Siad Ar Ball Ag Gabháil Cheoil
Tríd Ghleanntáin Is Bhántaibh Na Tíre
Le Haoibhneas Is Lúcháir A Gcroí
Mar Táimid Anocht I Dtír Chonaill
I Mo Chró Beag Ag Bun Chnoc A' Tí.
—Niall Mac Giolla Bhríde.