Chordyes

Amhrán Cuigéil

Amhrán Cuigéil Lyrics by John Beag

Verse 1 Tá Trácht Is Cliú Agus Cáil, Anois Le Fada Na Lá, Ar Chill Chiaráin, Leitir Móir Is Ar Chinn Mhara, Ar Mhuínis, Cloch Na Rón, An Dóilín Is Clais Na Nuamhan, Is Nach I Gcarna Bhíonns An Spóirt A’ainn Lá Mhic Dara Nach Aoibhinn Is Nach Breá, Bheith I Do Sheasamh Ar An Aird, Is Tú Ag Féachaint Ar Na Rástaí I Gcuan Chaisín. Ó Na Soithigh Ag Gabháil Chun Seoil, Gleoiteog, Púcán Is Bád Mór, Ó Rástaí Currach Adhmaid Is Currach Canbháis.# Verse 2 Tá Púcán Pheaitín Rua, Is Í Ag Tournáil Siar Ó Thuaidh, Is Ina Diaidh Sin Tá Púcán Pháraic Dharach Is Deacair Tada A Dhéanamh Dhóibh, Go Dté Siad Siar Is Aniar Faoi Dhó, Mar Níor Buaileadh Mórán Fós Ar Phúcán Bharrett. Tá John Dáirbe Goite Chun Cinn, Agus An Ráinneach Lena Thaobh, Agus Beaincs Agus Í Ag Tournáil In Aghaidh Gala. Ó Peigín Chóilín Joe, Is Tá Gruaite Aici Ann Faoi Dhó Agus Gleoiteog Mhichael Kelly As An Máimín. Verse 3 Tá Moladh Mór Le Fáil, Ag An Dream Seo A Dhéananns Báid, Is Tá Moladh Mór Ag Dul Do Pháraic Dáirbe, Mar Rinne Seisean Bád, Ón Bposta Go Dtí An Ball, Agus Réitigh Sé Amach Í Le Haghaidh Geallta. Nuair A Thiocfas Lá An Gheall, Beidh Daoine Ann As Chuile Áit, Ón Spidéal, Ceathrú Rua, Rosmuc Is Camus. Beidh Óst’ Na Noileán Lán, Beidh Ardán Ar An Tsráid, Is Beidh Terry Is Tomás Sheáinín Thuas Ag Damhsa. Verse 4 Beidh An Micí ’Gus An Star, An Merican Is An Áirc, An Mermaid, An Hunter Is Gleoiteog Bhaibín. Beidh Capall Johnny Ann, Agus Dudley Le Dul Sa Gcrann, Peaitín Mháirtín Is A Dhúidín Lán Go Claibín. Nach Aoibhinn Leis An Gcuan, Is Leis Na Hoileáin Atá Buan, Beidh Áit Istigh ’Mo Chroíse Dhíbh I Gcónaí. Leis Na Fir A Sheol Na Báid , Thríd An Daingean Is Thar An Gceann, Is Leis Na Saortha A Chuir An Craiceann Ar Na Múnlaí.