Sweet Cameraghs
With Celtic Lyrics
Paul Winter And Friends
From The 1999 Album "Celtic Solstice"
Vocals By Irish Singer Karan Casey
No Capo
Intro
Verse 1
Mo Bheannacht Óm′ Chroí
Dod' Thir ′S Dod' Shléibhte
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Is Dod' Mhuintir Shuairc
Ar Dual Dóibh Féile
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Do Shrutháin Gheala
′S Do Choillte Craobhach
Do Ghleannta Meala
′S Do Bhánta Léire
Ó Grá Mo Chroí
Iad Siúd Le Chéile
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Verse 2
Is Dathúil Breá
Do Chruacha Scéimchruth
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Nuair A Lasaid Suas
Le Hamharc Gréine
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Na Faillte 'S Leacain
Ar Gach Taobh Diot
Mar Bhrata Sróil
Le Seolta Gleásta
Nuair A Scaipeann An Drúcht
Anuas Ón Spéir Ort
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Verse 3
Do Bhíos Thar Sáile
Seal I Gcéin Uait
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
I Ndúthaigh Fáin
Ag Déanamh Saoithair
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Ach B′Obair Tháir Liom
Cnuasach Gréithre
I Bhfad Óm' Ait
Fé Scáil Do Shléibhte
Is Chas Mé Arís Ort
A Phlúr Na Ndéise
A Chomaraigh Aoibhinn Ó